![]() |
| Palmer C. Hayden, 'Midsummer Night in Harlem' |
Maidin mhaith, a dheaide!
Nár chuala tú í
An aisling ar athló is a
Rucht búgaí vúgaí?
Éist go géar:
Cloisfidh tú a mbonn
Ag bualadh is ag bualadh—
An meas tú
Gur sona an fonn?
Éist go géar leis
Nár chuala tú é
Rud éigin thíos faoi
Cosúil le—
Cad a dúirt mé?
Is ea,
Tá mé sásta!
Sin agat é!
Hé, pop!
Re-bop!
Mop
S-é!
B'shin é Búgaí Aislinge, arb é an chéad dán sa chnuasacht fhilíochta de chuid Langston Hughes, Montáis d'Aisling Ar Athló. Díreach in am agus a lá breithe a cheiliúradh, agus Lá Fhéile Bríd orainn ar ndóigh!
File, drámadóir, agus úrscéalaí gorm ab ea é Langston Hughes, a raibh cónaí aige in Harlem i rith an 'Harlem Renaissance' mar a ghlaoitear air inniú. I rith an ama sin, bhí cúrsaí daoine gorma ag teacht chun tosaigh i Meiriceá, agus bhí ealaíontóirí gorma nua ag breathnú isteach agus iad ag iarraidh a gcultúr féin a chur in iúl.
Ba sríbhneoir an phobail é Langston Hughes, agus scríobh sé saothar faoi dhaoine gorma, ar mhaithe le daoine gorma, agus do dhaoine gorma. Ba bhreá leis intliúlacht agus áilleacht de chuid Afrai-Mheiriceánach, agus chuir sé tús le stíl ar a ghlaoitear 'fílíocht snagcheoil' de bharr go ndéanann sé aithris ar an gceol, a bhí le cloisteáil ar feadh Harlem sna laethanta sin. Seo é réamhra Montáis d'Aisling Ar Athló, a scríobh sé sa bhliain 1951:
Mar a cheapfá ón dteideal, is í 'an aisling ar athló' an téama is lárnaí sa chnuasacht. Baineann sé seo leis na hathruithe a raibh an pobal gorm ag súil leis i bhfad, agus an teannas a bhí ann in Harlem na haoise. Tá carachtair idir shean agus óg fite fuaite, agus tá blas na háite le cloisteáil in éineacht rithim an snagcheoil, agus 'scat' uaireanta go fiú. Tá 'úp pop-a-da!' le feiceáil ann níos mó ná uair amháin, véarsa a chloistear san amhrán de chuid Babz Gonzales ó Harlem.
Tá an teannas de bharr na haislinge ar athló le feiceáil agus é ag plé le bás, ciníochas, ról inscne, lóistín, póilíneacht, agus araile. Ceann de na rudaí ba shuimiúla domsa agus mé ag aistriú ná an dearcadh idir lucht bocht a bhí tar éis teacht ón deisceart chun Nua-Eabhrac, agus an lucht 'léannta' a bhí ann cheana féin. Ba dhaoine gorma iad uile, ach ní raibh meas acu ar an gcéile de bharr aicme. Ba shóisialach é Hughes, agus léiríonn sé seo cé chomh tábhachtach is a bhí an scoilt idir aicme do, agus an éifeacht a bhí aige ar an aisling ar athló, nuair ba chóir aontacht a bheith ann.
Fágfaidh mé sibh le ceann de na dánta is cáiliúla ón chnuasacht dár dteideal 'Harlem' go simplí.
Cad a tharlaíonn d’aisling ar athló?
An éiríonn sí tirim
ar nós rísín in aimsir bhreá?
Nó an ábhraíonn sí—
An síleann sí mar chneá?
An bhfuil sí bréan mar fheoil lofa?
Nó an éiríonn sí mar shíoróip bhinn—
Faoi chrust is faoi shiúcra?
B’fhéidir go n-éiríonn sí
mar ualach trom ina luí.
Nó an bpléascann sí?

Ó thaobh ceol choitianta an phobail Afrai-Mheiriceánaigh agus na foinsí ónar cuireadh chun cinn é—snagcheoil, ragcheol, luasc-cheol, na gormacha, búgaí-vúgaí, agus bebop—is ar an dán seo ar Harlem comhaimseartha, cosúil le bebop, atá comharthaí na hathruithe contrártha, miondifríochtaí tobanna, agaill ghéara agus shotalacha, rithimí briste, agus dréachtaí atá ar nós seisiúin jeamála uaireanta, ar nós amhráin choitianta uaireanta eile, poncaithe le rifeanna, rití, sosanna, agus freangaí droma cheol phobail atá i mbun athraithe.
Mar a cheapfá ón dteideal, is í 'an aisling ar athló' an téama is lárnaí sa chnuasacht. Baineann sé seo leis na hathruithe a raibh an pobal gorm ag súil leis i bhfad, agus an teannas a bhí ann in Harlem na haoise. Tá carachtair idir shean agus óg fite fuaite, agus tá blas na háite le cloisteáil in éineacht rithim an snagcheoil, agus 'scat' uaireanta go fiú. Tá 'úp pop-a-da!' le feiceáil ann níos mó ná uair amháin, véarsa a chloistear san amhrán de chuid Babz Gonzales ó Harlem.
Tá an teannas de bharr na haislinge ar athló le feiceáil agus é ag plé le bás, ciníochas, ról inscne, lóistín, póilíneacht, agus araile. Ceann de na rudaí ba shuimiúla domsa agus mé ag aistriú ná an dearcadh idir lucht bocht a bhí tar éis teacht ón deisceart chun Nua-Eabhrac, agus an lucht 'léannta' a bhí ann cheana féin. Ba dhaoine gorma iad uile, ach ní raibh meas acu ar an gcéile de bharr aicme. Ba shóisialach é Hughes, agus léiríonn sé seo cé chomh tábhachtach is a bhí an scoilt idir aicme do, agus an éifeacht a bhí aige ar an aisling ar athló, nuair ba chóir aontacht a bheith ann.
Fágfaidh mé sibh le ceann de na dánta is cáiliúla ón chnuasacht dár dteideal 'Harlem' go simplí.
Cad a tharlaíonn d’aisling ar athló?
An éiríonn sí tirim
ar nós rísín in aimsir bhreá?
Nó an ábhraíonn sí—
An síleann sí mar chneá?
An bhfuil sí bréan mar fheoil lofa?
Nó an éiríonn sí mar shíoróip bhinn—
Faoi chrust is faoi shiúcra?
B’fhéidir go n-éiríonn sí
mar ualach trom ina luí.
Nó an bpléascann sí?

No comments:
Post a Comment